Fáilte

An Clochán Liath & Na Rosann

An Clochán Liath

Fáilte go dti An Clochán Liath

Fáilte

An Clochán Liath
&
Na Rosann

An Clochán Liath

Is mór an pléisiúr dúinn fáilte a chur romhaibh go Baile an Chlocháin Léith. Is Baile Seirbhíse Gaeltachta é An Clochán Liath, suite anseo cois farraige i gcroílár na Rosann, i gContae Dhún na nGall. Tá an baile suite ar bhá – ag amharc amach ar oileáin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin; áit iontach le stopadh, le suí siar agus do scíth a ligean, agus le sult a bhaint as rud éigin úr.

Is baile gnóthach trádála é An Clochán Liath atá ar maos le hoidhreacht chultúrtha agus staire. Tá go leor áiseanna poiblí ann agus mealltar turasóirí chuig nithe éagsúla sa cheantar; leithéidí ‘Fáinne na Rosann’, – slí tiomána a bhfuil an-tóir air i measc turasóirí. Is baile bríomhar é An Clochán Liath sa tráthnóna. Bíonn rogha gach bí agus togha gach dí ar fáil ann agus cuirtear béim ar leith ar bhia mara na háite sna bialanna. Lena chois sin, bíonn idir cheol agus chraic ann gan trácht ar an fharraige, ar an ghaineamh agus ar na adharcanna áille.

Caith cúpla lá sa cheantar le sult agus pléisiúr a bhaint as áilleacht
an cheantair – turas lán d’iontais agus de shiamsaíocht.

Lóistín

Gheobhaidh tú raon áiteanna fáiltithe chun fanacht, ó thithe deasa go hóstáin nua-aimseartha agus roghanna féinfhreastail.

Bialann

Tá go leor bialanna agus caiféanna sa Chlocháin Léith agus na Rosann, agus tá rud éigin ann a oireann do gach blas agus ócáid.

Gníomhaíochtaí

Ó shiúlóidí radharcacha go surfáil spreagúil agus rothaíocht síochánta, tá gníomhaíochtaí sna Rosann a oireann do gach luas agus spéis.

Baile Dúchais Daniel

Deoch

Le raon beár agus tithe tábhairne le ceol traidisiúnta agus bannaí ceoil beo, gheobhaidh tú siamsaíocht oíche a oireann do do ghiúmar.

Siopaí

Is é an Chlocháin Léith príomh-mhol siopadóireachta na Rosann, agus cuireann sé meascán iontach de mhiondíoltóirí neamhspleácha, siopaí ceardaíochta, caiféanna agus seirbhísí riachtanacha ar fáil.

Oidhreacht

Is ceantar saibhir ó thaobh staire agus traidisiúin de é Na Rosann. Ó shuíomhanna luath-Chríostaí go scéal na himirce a mhúnlaigh glúnta.

Taiscéal
Ár dTránna